Ithaca

A selection of poetry in Irish translation from around the world

https://www.point-editions.com/ww/

Mahmoud Darwish Portrait – Emna Mizouni

Labhraím gan Stad

Labhraím gan stad faoi na difríochtaí caolchúiseacha
idir mná agus crainn, faoi
áille an domhain, faoi thír nach bhfuil
a stampa le feiceáil in aon phas a chonaic mise riamh.
Fiafraím: a dhaoine uaisle,
an le gach ball den chine daonna an domhan,
mar a mhaíonn sibhse? Cén áit a bhfuil mo bhothán féin mar sin,
agus cá bhfuilimse? Gártha molta don chainteoir.
Tugtar trí nóiméad breise dom, trí nóiméad saoirse
agus aitheantais … Faofa: tugann an comhthionól
ceart dúinn dul abhaile, mar a thabharfá ceart do chearca
agus do mhuca filleadh ar an gcró.
Croithim na lámha, duine ar dhuine, umhlaím le hurraim …
As go brách liom ansin ar mo chamchuairt
chuig tíortha eile ina labhraím faoin difríocht atá ann
idir bolgán agus braon báistí, agus fiafraím:
a dhaoine uaisle,
an le gach ball den chine daonna an domhan?

Mahmoud Darwish, Palestine

Drawing by Christoph Janacs

Síréanaí 2

Tráthnóna Sathairn
músclaíonn ceol na mbonnán mé
ó thaibhreabh na súl oscailte.
Uaill aerionsaí íseal,
mo mháthair ag rith
síos an cosán ag brú an phram;
a cuid béiceacha múchta
ag tuairt na mbuamaí.
Cuireann sí a lámha
os mo chionn go cosantach,
amhail is go bhféadfaí ar an dóigh sin
an bás a choinneáil ó dhoras.
Blianta fada ina dhiaidh
tá sí fós ag labhairt faoi;
cheapfá ag éisteacht léi gur tharla
an eachtra ar fad inné:
scéal áiféiseach ón gcogadh
nach mbíonn deireadh go deo leis.

Christoph Janacs, Austria

Painting by Leston Japaljarri Spencer, Australia

Filíocht
Chonacthas dom i súile an chaocháin
—a ghob amach ón bpár bán—
caochbhealach mo shaoil
agus mo dháin bhig féin;
agus chuala sna háiléir rúndiamhra
gach cor agus lúb i mbóthar na filíochta.

Guy Goffette, Belgium

The pomegranate fills the heart with faith.’ Palestinian proverb

Gairm an Fhile

Scríobhaim chun stuachloch a dhingeadh
idir croí agus cuislí;

Radharc a fháil ar thuar ceatha na síochána
trí dhíle na mbuamaí
A phléascann mar phomagránaití ón spéir.

Scríobhaim mar a scríobfadh
An té a bheadh ag tochailt tobar fíoruisce
Sa ghaineamhlach.

Clocha prímeáilte a chaithim san aer;
Clocha a bhainfidh an sprioc amach?
A bhainfidh geit as éanacha seascainn?

Scríobhaim
ó pholl súraic na haibhéise
Ina bhfuilimid báite,
Ina bhfuilimid uile ar snámh.

Casimiro de Brito, Portugal

Filleadh um Thráthnóna

Gan focal a rá, fanaim ar scéala
A fháil ón domhan amuigh.

Suimhneas aisteach ionam, theastaigh uaim focal eile a rá
Ach tá sé ródhéanach, tá tú imithe.

Éirím agus siúlaim anonn go dtí an leaba;
An leaba mhór lanúine ar chodladh tú ann.

Is geall le dílleachta mé;
Feicim lorg do bheola ar an gcupán caife.

Is strainséirí sibh anois a deir an teilifís mhúchta,
An smál fíona ar bhrat an urláir, an carn páipéirí colscartha.

In uair mharbh na hoíche, scaoilim saor do chorpsa ó mo chorpsa
agus téim ar bord an traein taibhsí.

Marijke Hanegraaf, The Netherlands

Ángela
In memoriam

Faoi dhraíocht ag áille
agus dathanna éirí na gréine
Síos léi lá i ndiaidh lae
go dtí an cladach
go dtí na locháin carraige
chun grianghraif
a ghlacadh, grianghraif
a sheoladh sí chuig
a cairde.
Pictiúr amháin eile
agus céim siar
céim chinniúnach
ar thuras gan iompú.

Germain Droogenbroodt, Belgium

Gairdín na nAinmhithe

Sa zú polaitíochta
feictear gach cineál ainmhí ─
ón asal
go dtí an mac tíre.
Níl ach cineál amháin
in easnamh:
an t-ulchabhán, éan
a bhfuil radharc sa dorchacht aige.

Albert Janetschek, Austria

***

Léaró

Ná dearmad,
Agus tú ag dul a luí anocht,
Do shúile a dhúnadh go teann,
An braillín a chuachadh timpeall ort
Suas thar mhullach do chinn
Go dtiocfaidh brat dorchadais anuas ort.
Agus sa dorchadas sin
Cuimhnigh ormsa.
Feicfidh tú ansin
Go scallfaidh mo shúile solas ort
Solas beag agus lag…

Cloch m’uaighe

Ná cuir cloch mharmair ar m’uaighe,
Ná leacht mórthaibhseach.
Cuir péire bróg ann
Do dhuine bocht a shiúlann cosnochta.


Yusif Samadoghlu, Azerbaijan

***

Ag Siúil trasna Láthair an Áir

Shiúlas trasna na páirce agus chualas an scoilt,
Bhaineas plaic as an bpian
Le nach gcloisfí an uaill.
Bhuail sceimhle an teach,
thit na pictiúir de na ballaí,
gan fhios d’éinne diomaite díom féin.
Agus díreach mar a bhriseann foighne na gcloch,
bhí eagla ar na heochracha, is tháinig meirg orthu,
Bhuail eagla an deilbhín sa ghairdín leis
Is chuaigh sé as radharc i nduibheagán na hoíche.
Tá eagla orm i mbliana na barraí a shábháil.
Nár le mo dhá lámh féin a rinneadh iad a chur?

Ahmed Al-Mulla, Saudi Arabia

***

Seal in Iostanbúl

Tá ráflaí difriúla ag dul timpeall
faoi mo sheal in Iostanbúl:

Ráfla a hAon:
Léiríodh amhras áirithe faoin mbaint a bhí agam le scéimireacht pholaitiúil sa chathair sin.
Ráfla a Dó:
Gaistí grá, a deir siad, gaistí grá, cad eile?
Ráfla a Trí:
Gur mhangaireacht drugaí chúlshráide a bhí ar siúl agam.

Is cuma, dar ndóigh, le lucht na ráflaí a fháil amach an raibh mé riamh in Iostanbúl —
Dar chnámha mo sheanmhuintire níor leag Izet Sarajlić cos riamh ann — ach sin scéal eile.

Izet Sarajlić, Bosnia-Herzegovina

***

***

Siansa

Corruair fánach thug mé deis
D’fhir eile dul sa seans,
Corraí croí a chur orm;
Níor sheinn ach séis bheag gharg,
Níor éist mé leo ach ar feadh bomaite—
Cúpla nóta, sin an méid.
Sheinn tú féin siansa dom,
Siansa téagartha,
Faoi sholas na réaltaí;
Bhí mé faoi gheasa ag an gceol
A d’fhág mo chroí ina bharr láin;
Ceol a lasc mar fharraige shuaite,
Tonnta fiáine ag briseadh tríom.
Níl ann anois ach an macalla—
Stoirm shéasúr an mhonsúin.

Azza El Wakeel, Egypt

***

***

Páistí Damanta

A pháistí dhamanta Ghaza,
A chruthaíodh raic faoi m’fhuinneog
Le bhur scréachaíl is bhur ngleo;
A dheineadh bhur seacht ndícheall an mhaidin
Is an lá a scrios orm;
A dhein smidríní den vása,
Is a ghoid mo bhláithín beag ón mbalcóin—
Tagaigí ar ais.
Bígí ag scréachaíl in ard bhur ngutha,
Brisigí gach vása,
Goidigí gach bláth ar domhan.
Tagaigí ar ais,
Tagaigí ar ais,
As ucht Dé, a pháistí dhamanta, tagaigí ar ais!


Khaled Juma, Palestine

***

***

Coinne

Ise a thoil casadh liom inné

Ar an toirt, tar éis blianta fada gan tuairisc uaithi,

Bheir sí barróg mhór orm os comhair na ngardaí,

Tharraing sí siar agus d’éalaigh uaim.

Lean mé chuig an droichead ard í,

Cheangail sí siar a gruaig ghiortach is léim,

Is léim mo bheatha ina diaidh;

Mar dheor captaein

A fheiceann a long ag dul go tóin poill,

Is nach féidir leis a dhath a dhéanamh len é a stopadh,

D’amharc mé ar a corp ag dul faoi.

Abdul-Aziz Jassim, United Arab Emirates

***

***

Cuimhnigh ar Dhaoine Eile

Agus tú ag réiteach do bhricfeasta, cuimhnigh ar dhaoine eile;

Ná dearmad na colúir a bheathú.

Agus tú ag dul chun cogaidh, cuimhnigh ar dhaoine eile;

Ná dearmad iad siúd a sheasann ar son na síochána.

Agus tú ag díol do bhille uisce, cuimhnigh ar dhaoine eile;

Cuimhnigh orthu siúd atá ag brath ar na scamaill bháistí.

Agus tú ag filleadh ar an mbaile – do bhaile beag féinig – cuimhnigh ar dhaoine eile;

Ná dearmad na teifigh a chónaíonn i bpubaill.

Agus tú ag comhaireamh na réaltaí roimh dhul a luí dhuit, cuimhnigh ar dhaoine eile –

Na bochtáin a chaitheann an oíche amuigh faoin spéir.

Agus tú i mborr le meafair is le filíocht, cuimhnigh orthu siúd

A bhfuil a gcead cainte caillte acu.

Agus tú ag cuimhneamh ar na daoine eile seo,

Cuimhnigh chomh maith ort féin agus abair:

“Ba mhaith liom bheith mar lóchrann sa dorchadas.”

Bí i do lóchrann sa dorchadas. Ná bí ag brionglóideach faoi.

     — Maḥmūd Darwīsh, Palestine

***

Athrú iomlán

“Léigh amach do dhán, a fhile,” a dúirt siad,

“agus tiocfaidh athrú iomlán ar an domhan.

Mar splanc thintrí,

lasfaidh do bhriathar an dorchadas

atá mórthimpeall orainn.”

D’oscail an file an leabhar—

ní fhaca ann ach pár bán.


Guy Goffette, Belgium

***

I nDiaidh an Léimh

Sin é, tá sé críochnaithe, tá an léamh thart.
Anois, díreach, beirfidh cara barróg mhór orm;
breathnóidh sé isteach i mo shúile go comhbhách,
agus deirfidh, “Bhí sin go breá ar fad!”

Tiocfaidh na mná, as a gcloigeann le paisean,
ag baint na sál as a céile,
á gcaitheamh féin isteach i mo bhaclainn
mar bhuama beartáin.

Ólfar gloiní fíona go leor,
agus golfar cúpla deor,
in ómós don seanfhile.

Anocht is i mo chuideachta féin a bheas mé;
an t-am sin, gan dabht, ní rithfidh rann ar bith liom
a mhíneoidh barr gach clú, bun gach aonrachais.

Miguel Oscar Menassa, Argentina

***

Greim Gaoithe

Éadrom
focail
amhail síolta poibleoige

Éiríonn
rothlaíonn le gaoth
agus titeann

Doiligh greim
a fháil
ar shíolta poibleoige

Athróidh
focail
ina síolfhocail b’fhéidir

Caithfear scáth
caol
cá bhfios?

Hans Magnus Enzensberger, Germany


***

***

Éalú Uaidh Seo
Do Paul Celan, Peter Szondi, Jean Améry,
nár theastaigh uathu fanacht ar an saol seo

Dhein mé rópa
de bhraillíní na leapan
braillíní taiséadach
a chasaim timpeall
mar théad tumadóra
ar mo chorp
agus léimim
amach
ón lá
tríd an solas
taobh abhus
den chruinne
is ann
a thiocfaidh m’anáil ar ais
is ann a bheas an aibítir
ina claochlú cló díom féin.

Hilda Domin, Germany

“Gesammelte Gedichte”, Fischer Verlag, Frankfurt

***

Imirceach

do Stefan Zweig

Níor mhian leat a bheith
i d’imirceach,
ach i do thaistealaí.

Ach rinneadh imirceach díot
sa deireadh,
in éadan do thola.

Duine gan stát;
gan tada fágtha agat
ach do theangacha féin.

Do choinsias glan
do do leanúint
mar scáth i do dhiaidh.

Christoph Janacs, Austria

***

Focail Aduaine

Buailim leis an oiread sin
focal ar an tsráid,
cad is féidir liom a dhéanamh leo?

Nathanna cainte
nach gcloistear anseo
i mbéal na ndaoine.

Greamaíonn siad mar leac oighir
le barr mo theanga,
mar tuin, is toiligh iat a rá.

Déanaim mo sheacht ndícheall
iad a ligean le sruth
ach ní féidir é a dhéanamh.

Cad is fiú a bheith ag caint,
mo scornach lán le blúirí fána?
Focail aduaine

nach dtuigfear anseo go deo.

Anita Róg-Bindacz, Poland

***


***

Leanann an Cogadh ar Aghaidh

Leanann an cogadh ar aghaidh,
cuirtear i láthair
an tseantragóid chéanna;
na príomhpháirteanna á ndéanamh
ag aisteoirí anaithnide.

Ní bhronnfar aon ghradam Oscar an bhliain seo:

Ní bhronnfar tada ach
ocras
lot
fulaingt
agus bás.

Thuríður Guðmundsdóttir, Iceland


“Panorama de la poésie islandaise”, Editions du Cygne, Paris 2021

***

Cén chaoi a n-aimseoidh mé tú agus tú i bhfad uaim?

Cén chaoi a n-aimseoidh mé thú agus tú i bhfad uaim,
An grá, an grá a thug go dtí an choill mé,
a thaispeáin na féileacáin dom,
a líon go béal mé,
agus a thug tú féin dom:
an t-áthas, agus ina dhiaidh sin an brón.

Cén chaoi a n-aimseoidh mé thú agus tú i bhfad uaim,
na piléir ag teacht go tiubh thar mo ghualainn,
an cogadh ag búireach i mo chluasa?

Cén chaoi a n-aimseoidh mé thú
sna laethanta seo gan deireadh, spíonta, cosnochta,
cá bhfuil an grá anois, a deirim;
an grá a shéid ar shiúil mé mar chúr na farraige?

Cén chaoi a n-aimseoidh mé thú, nuair nach bhfuil ann anois
ach an t-uaigneas, an neamhní seo, ag magadh fúm,
ag gáire fúm i mo riocht mar leannán tréigthe?

***

Saoirse


An bhfuil saoirse againn? Tá an tsaoirse ag na féileacáin

Eitilt thar dhromchla an domhain,

Gan bacadh le teorannacha náisiúnta,

Gan bacadh le rialtais

Ná le bolscaireacht

Na náisiúnstát.

Tá an tsaoirse acu tuirlingt aon áit is mian leo,

Agus cé go mbagraíonn an creachadóir orthu de ló is d’oíche,

Níl faitíos orthu roimh nathair ná roimh an mbuaf shleamhain.

Tá saoirse ag na féileacáin;

Saoirse atá caillte againn féin—

Saoirse na gcoillte, na sráideanna, na reiligí,

Téann siad ar fán cibé áit gur mian leo:

Saor fanacht socair,

Saor dul chun bóthair.

Ach cad fúinne, an bhfuil muidne saor?

Bheadh, dá mbeadh ár sprideanna mar fhéileacáin.

Tabassum Tahmina Shagufta Hussein, Bangladesh

***

Sa Deireadh

Sa deireadh
bhí gach rud ar nós cuma liom,
ár spadhair, ár mbuaireamh,
ár mbriathar díchéillí
ag síobadh ina chuaifeach
ó thor go tom.


Sa deireadh bhí an saol
mar a bheadh seanscéal caite,
dráma gan iontas,
léiriú gan spleodar,
fásach focal,
leadrán síoraí.


Sa deireadh díbríodh sinn
go himeall na brí,
turas in aisce,
stair gan toradh,
sinn ag siúl go bacach
ó ní go neamhní

Nilavronill Shoovro, India

***

Inscríbhinn

Abair liom
cad ann
a snoífidh mé
d’ainm?

Sa spéir?
Tá sí ró-ard.
Sna scamaill?
Tá siad róghasta.

Sa chrann
a leagtar is a dhóitear?
San uisce
a scuabann gach rud chun siúil?

Sa chré
a dhéantar trampáil uirthi;
an chré ina bhfuil
na mairbh sínte?

Abair liom
cad ann
a snoífidh mé
d’ainm?

Ionam féin
ionam féin
níos doimhne
ionam féin.

Erich Fried, Austria


***

Dílseacht

Beidh mé i gcónaí dílis duit, a chrainn!

Lá amháin nuair nach mbeimid anseo a thuilleadh,

Déanfar líne díom,

Casfaidh tú leathanach

Is tiocfaimid aghaidh ar aghaidh,

Mar chairde dílse,

Mise mar dhán,

Tú féin mar dhuille bán,

An bheirt againn snaidhmthe ina chéile.


Armenuhi Sisyan, Armenia

***

Bomaite

Tá mo lámha fuar.

                                              Amuigh ar an tsráid arís,

chuir mé an rud fánach sin taobh thiar díom,

agus táim sa bhaile anois

i mo shuí chun boird.

                                              Is ag an bomaite seo

a bhraithim an fuacht i mo lámha,

                                              comhartha

a bhaineann geit asam gan údar—

rud fánach, b’fhéidir, na lámha a bheith fuar—

fuacht mhí na Samhna

i mo lámha, sin uile.

                                                              Mise atá ann:

feicim an vása lom Gréigeach os mo chomhair,

an gnáth-thráthnóna im thimpeall.

Is annamh a bhíonn mo lámha fuar.

I bhfaiteadh na súl samhlaíodh dom

an néaltrú deiridh, m’ainm scriosta

ón duilleog liathdhonn

le dúch sioctha an neamhní.

Antonio Cabrera, Spain

***

Focail

Im thimpeall, dom chlúdach, tá focail.
Fásann siad orm mar bhachlóga ar chrann,
Fásann siad go tréan istigh ionam
Agus deirim… cén mhaith na focail seo,
is iad de shíoraí do mo chrá? Bí ar d’fhaichill, a deirim,
Beirfidh siad amuigh is istigh ort—
Is geall le gríog nó gaineamh reatha iad,
Farraige suaite
nó poll suaraic,
scian a ghearrfadh do scórnach
i bhfaiteadh na súl. Crá croí na focail,
Fásann siad orm mar dhuilleoga ar chrann,
gan stad gan staonadh fásann siad
ón gciúnas, ó áit éigin go domhain ionam féin.

Kamala Das, India

***

Tuige a n-osclóinn mo bhéal

Tuige a n-osclóinn mo bhéal,
tuige a gcanfainn amhrán?

Tá fuath ag an saol dom;
cén difear, canadh nó tost?
Tuige a labharfainn go binn
nuair nach mothaím ach an phian,
ónar bhris an tíoránach
mo phus?


Gan compánach ar an saol
níl ciall ar bith a bheith lách;
is mar a chéile gol is gáire,
mar a chéile beatha is bás.
Spíonta le huaigneas,
buairt is cruatan,
Is cosúil gur rugadh don neamhní mé.
Deirtear gur binn béal ina thost,
Ach cad faoin gcroí, an amhlaidh atá?


Cén mhaith na sciatháin bhriste seo
don té a bhfuil eitilt aici?


Is rófhada atáim i mo thost,
tá sé thar am labhairt amach—
Deirim go híseal
i mo chroí istigh,
tugaim mo mhionn
go mbrisfidh mé an chuing,
go n-éalóidh mé ón uaigneas,
go gcanfaidh mé den tsaoirse.
Ní haon ribín réidh mé, adeirim,
ag luascadh anonn is anall sa ghaoth:
bean de chuid na hAfganastáine mé
tuige nach ligfinn uaill ghéar asam?

Nadia Anjuman, Afghanistan

***

Réasúnaíocht


Nuair atá tú i ngrá
bíonn gach rud indéanta:
a bheith mar lóchrann
nó mar shaighead imithe ar strae
trí mhullach na spéire,
an t-uisce ag titim tríd.
Is amhlaidh atá don ghráin—
Bíonn gach rud indéanta:
glanann tú an dusta ó bhrat na hoíche, abraimis,
Nó glasann tú na réaltaí i dtaisceadán.

— Rabia Djelti, Algeria

***

Uair Amháin

Uair amháin, bhíos ag siúl na mbóithre,
mo scáth mar chrann lom sa bhfásach.
Uair amháin, bhí imní orm roimh an dorchadas,
níor chualathas mo scairteach fhann ag lorg cabhrach.
Bhí na réaltaí agus an ghealach faoi bhrat ceo,
gaoth fheanntach ag scríobadh an fhiántais.
Uair amháin chuala mé cantain an fhilimeála san oíche,
rannta ó na néalta arda
ag titim ina bpiotail ar lochán.
Uair amháin, chuardaigh mé thú sa tromcheo—
Nach n-iarrfainn a mhalairt de shuáilce
ach casadh leat arís ar oíche earraigh?

Zhao Lihong, China

***

Leaganacha Gaeilge le Rua Breathnach, © 2024